School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)comhartha seaca.
6. Núair a bhíonn an ré agus na réaltai ag lonnradh go gheal bíonn an sioch cúgainn.
7. Má cítear "Gáenna Fiadhaine" ag eitilt ó thuaidh, sin cómhartha sneachta is fuacht.
8. Núair a eitleann na géanna san bhfeirm, sin comhartha báistighe, agus núair a fánann na préacháin sa talamh sin cómhartha eile báistighe.
9. Má bíonn an ghealach leath-clúdaighthe lé sgamallaibh bíonn an fhearthainn ag teacht.
10. Má cloistear glór na farraige ó "Bárr Tragaí" bíonn an doinseann ag teacht.
Ma cloistear glór na farraige ó "Móthair" bíon an soineann cúghainn.
11. Má cítear an cat agus a drom don teine is baoghalach ach go bhfuil an droch-aimsear ag teacht.
Má cítear é ag scríobadh adhmaid bíonn an storm cúghainn.
12 Do réir na seancaidh núair éisigeann an tuile la Coille sin comhartha go bhfuil blian maith iomadamhaile ar fághail.
13. Núair a bhíonn an sughaidh ag titim ina chnápógaibh anuas ar simné sin comhartha báistighe.- Collector
- Nóra Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Address
- Glen South, Co. Clare