School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 315
3adh Nodhlag 1937
Cailís i bhFolachNí féidir eólas deimnighteach d'fhághail ar na neactraí áiteamhail a thárla ac mar sin féin ínnseóchaidh ár seanncaidhe gach rud gur fiú d'áireamh in a dtaobh.
leath míle ar an dtaobh thoir -theas de Inisdíomáin tá cnocanín suidte ar a nglaodhtar Sliabh Burren agus de réir beal-oideas bhi sagart óg ag léigheamh Aifreann ann in aimsear na péin-dlighthe nuair a bhí an namhad ar a dtóir Bhi cloc inaice leis agus núair a chonnaic sé ag teacht é árduigh sé an cloch agus chuir sé an cailís bhi aige fé,agus theich sé lé'n a anam. Deirtear go bhfuil ríain a láimhe agus a fhola le feiscint ins an cloc agus go bhféadfaí é d'fheiscint indhiu muna mbeadh an féar agus an fraoch atá ag fás ar gach taobh de.
Theich an sagart ac deirtear gur tháinig an namhad -súas leis agus mharbhuigeadar é go fealltach.- Collector
- Nóra Ní Conaill
- Gender
- Female
- Address
- Glen South, Co. Clare
- Pota Óir i bhFolach
Deirtear gur chómhnuig sgata manaigh ó lancashire i gCorcomroe agus go raibh teach aca i Cill -seanaigh an áit a bhfuil an reilig inniu.Do réir sgéal ta pota óir i bhfolach ann agus núair a bhíonn an t-aifreann 'ghá rádh sa séipéal bíonn an pota le feiscint úaireannta.- Collector
- Nóra Ní Conaill
- Gender
- Female
- Address
- Glen South, Co. Clare