School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Page 317
- XML “Scéal Grinn i dtaobh Pósaidh”
- XML “Áitaimneacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)317
tír eile thuas agus tugtar tona de phónaire abhaile liom Ó arsan cómursa "breigtheór mór tusa" "Bheul má bhfuilim im'bhréigtheór "arsan mac tabhair dom mo spré agus mo bhean agus nách bhfuil síad tuillte go mait agam. - Is i mbaile fearainn Baile na Gaduidhe i bparóiste Cille Seanaigh atá chomhnuidhe orm. Níl feirm mhór talmhan ag mo athair, ní'l againn ach aon phaírc amháin ach tá daoine in a gcómhnuidhe tímcheall orainn agus tá aínmneacha acu ar chuid dá bpáirceanna ó'n slíghe in a bhfuilid suidhte. Seo cuid acú:-
1) "An Mótar" de bhrígh go bhfuil an páirc seo éirighthe beagán ó's cionn léibéil an talmhan eile.
2) "Cnoc Fliuch" bíonn an chnochán seo pludach agus fliuch i gcómhnuidhe.
3) "Cnoch an Fhásach" - fásann a lán crann i bhfuirm - coille san áit seo.
4) "Páirc an Leasa" - tá lios suidhte san bpáirc seó.
5) "Garrdha Doimhin" - mar tá an móinfhéár seó thíos fé leibhéal an talmhan eile.
6) "Faill Mór". Páirc mór in a bhfuil faill.(continues on next page)