School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)328
sí dá mac an fát bhi leis .D'innis sé dí mar adubhairt an t-athair.Is easgaidsin a dhéanamh arsa sise.Cé'n caoi arsa an mac .Núair deárfaidh do athair leat an bóthar d'aithghiorra amáireach tosnuig at innsint scéalta dó.Tá go maith ddéanfaidh mé sin ars an mac.
Bhúaileadara chun bóthair la ar na bhárach.Deinan mac mar adúbhradh leis agus níor bhrait ceachtar aca go rabhadar ag deire a gcúrsa.
Bean cliste dob eadh bhean Gobán.Tárla úair go raibh Gobán agus an mac ag tógáil Palas Righ sa bFrainnc.Ní raibh an rí sásta leo agus dein sé suas a aigne iíad araon a chur chun báis núair bheadh an Árus críochnuighthe acú.
D'innis ceann des na seirbhísigh sin le Gobán .Ní raibh fios aige cad a dheinfaidís .Chúaidh sé chun an rí la ar na bhárach agus dúbhairt sé ná bhféádfadh sé deireadh a chur leis an obair gan casúr speicíalta bhí sa bhaile aige agus go gcaithfeadh se a mhac a leigint chun é d'fhághail."Leigfidh mise mo mhac ars an rí" ba mhaith leis dul ar turas thar lear.Bhi Goban i bponnc.Cheap sé ar seift .Núair bhi mac an rígh ag imtheacht thug sé teachtaireacht dó chun tabhairt dá
mnaoí.
Thainig mac an ríg slan i dtír na h-Éireann .Chúaidh sé go teach Gobáin agus thug sé an litir do'n mhnaoí .Bhí fhios aice go raibh a muinntir i gcontabhairt .Seo arsa sí téir síos annsin agus faig an rud atá uait.(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Chríocháin
- Gender
- Female
- Address
- Ballingaddy West, Co. Clare