School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 332
21adh Nodlag 1937
Ainmhithe Neamhshaolta. In Éirinn indiú tá sean -rathanna ,liosanna,dúin nó úaimh le feiscint ó aimsear na daoine maithe.Is beag condae nach bhfuil a méid féin des na fothracha sin aice agus go cinnte níl Condae an Chláir gan a cuid dóibh.I dtuaisceart an Chláir tá uaimh ar a dtugtar Úaimh Cill Cornaigh le feiscint .'Séard atá ann na bealach faoi talamh ag síneadh ó Carn san áit sin go Baile Uí Bheacáin sráid-bhaile eile taobh thúaidh de'n Chláir ach níl fios ag aoinne
cé'n fhaid atá intí mar deirtear gur chuaidh triúr fear isteach ann úair chun é d'infuicheadh .Tógadar coinnle leó idtreó is go mbeadh solus acu mar tá fios againn nác féidir solus na gréiné do dhul tríd an talamh.
Thógadar gráiní leo freisean chun íad a chaitheamh ar an dtalamh i dtreó is go stuírócaidis íad ar a mbealach aar ais ach mo léan do mhúch an gaoth na coinnle núair bhíodar leath slighe agus bhí orrtha fanamhaintannsin ar feadh tri la san bhfúacht agus bhíodar caithte leis an ocras.Tháinig duine éigean eile go brúach na -h-uaimhe agus chuala sé íad ag sgreadadh.Fúair sé cabhair agus tógadh an triúr amach go slán ach briseadh ar a sláinte agus nior mhaireadar i bhfad.Go dtí an lá seó níor chuir aoinne isteach ar an úaim.
Gach blian tagann capallaibh amach as an(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Chríocháin
- Gender
- Female
- Address
- Ballingaddy West, Co. Clare