School: Gortown, Cill Seanaigh (roll number 14238)
- Location:
- Ballymacravan, Co. Clare
- Teacher: M. Mac an Airchinnigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Page 389
- XML “Ailltreacha an Mhothair”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cúpla míle ó Leacht Uí Concubhair tá Ailltreacha an Mhothair le feiscint. Is beag duine ar domhan nár chúala sgéalta ar na faill iongantach atá ann. Tá bórd cruinn déanta de cloch in a sheasamh ann agus deirtear go bhfuil sé ann ó'n sémhadh aoise déag.Tá tobar beannuighthe Naomh Bríghde san turas ó Leacht Uí Concubhair go dtí Mothar. Tagann mórán daoine annso ar thuras, go mór mhór daoine ar luigheann galair mar atá:- galar na cnámh nó súile tinne. Má cóimhlíontar na turasanna agus má abairightear na paidreacha speicíalta deirtear go leiseóchfaoí aon galar. Tá eascú thíos sa tobar seo agus má fheiceann aoinne é deirtear go leighistear é. Tá na laethannta seo ainmnithe le dul chun an tobar:- an chéad lá d'Fheabra, an Satharn agus an Domhnach deireadh de Mí Iúil, agus an chúigeamhadh lá déág de Lughnasa.
- Tá fear ar ainm Seán Ó Cealáchan in a chómhnuidhe i mbaile fearthainn i Duibhlinn atá suidhthe i dTúaisceart conndae an Chláir. Nií thugadh(continues on next page)