School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)

Location:
Furraglaun, Co. Clare
Teacher:
Seán Mac Daibhid
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 443

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0620, Page 443

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Page 443
  3. XML “Seancheirdeanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gabhann é dathú agus sin mar a dhathaidís an bhréid.
    Do dathaidis stocaí bhána a deanadh sa bhaile le cuineach a bhíodh ag fás ar na gclochaibh.
    Leasú leathair. - céard atá ar easnamh annso fé láthar. Bhí sé i nInis caogadh bliadhain ó shoin agus tá fear ann fós ar a nglaodhtar "Tanner Considine". Roinnt bliadhain ó shoin nuair a bhíodar ag deisú an toigh seo fuaireadar istigh i bpoll a bhí sa t-sean-thoig liosta ag baint le Sarsfield agus a arm.
    An fear a bhíodh ag déanamh na táirnighthe bróga. Bhí sé ar an ngabhann a táirnighthe féin a dhéanamh. Bhí fear 'na táirnighthe bróga 'na chomhnuidhe i nInis agus ag obair ann cómh déanach le fice bliadhain ó shoin. Bhíodh roinnt iarrainn comh caol le peann luaidhe dá nglaoidtaí air "iarrainn cipineach". Ní raibh le dhéanamh aige acht cúpla buille a bhuaileadh a chaolóchadh a chos agu é leagadh ar a siséal ineonach buille a bhuaileadh air cun a gearrtha. Sathadh é sin isteach sa teine agus tógfadh sé ceann eile agus bhíodh sé ag obair air mar sin go mbeadh siad criochnuighthe.
    Déanamh Ciseán. Deintear an ciseáin istigh nó
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Mac Dáibhid
    Gender
    Male
    Address
    Furraglaun, Co. Clare