School: Furglan, Inistíomáin (roll number 11813)
- Location:
- Furraglaun, Co. Clare
- Teacher: Seán Mac Daibhid
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Furglan, Inistíomáin
- XML Page 479
- XML “Pisreoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fearainn do casadh leo.Nuar a thuiteann fiacal ó dhuine ba cheart do a caitheamh tar a chinnNuair a theigheann duine isteach i dtigh in a mbíónn cuigeann dhá dheunamh is ceart do "meud a chinn" a chuir ann. Sé sin cúpla bhuille a bhuaileadh airNí deintear aon cuigeann i dtigh Dia h-Aoine.Nuar ata duine le h-adhlacadh togtar an comhra isteach an doras thuaidh agus togtar amach an doras theas éAn t-uisge a nigheann an duine marbh fágtar istigh fe'n leabadh é ar feadh tamall agus annsin caithtear isteach san ngríosach éDeirtear go bhfuil an suíl míllteach ag Muinntear Muirrneán.Nuar a ghearann daoine a gcuid gruaig, bailigheann siad suas é agus cuirtear isteach i bpol san bhalla é.Cuirtear ribíní dearga ar leanbhaí óga ar eagla roimh an suíl míllteachNuar a bhíonn cuigeann dá dheunamh cuirtear smeachadaí fé tón na cuiginne, nú cuirtear crúdh chapaill isteach sa teinne.(continues on next page)