School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (roll number 13942)
- Location:
- Mullagh, Co. Clare
- Teacher: Tomás Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
- XML Page 510
- XML “Comharthaí na hAimsire - Ón Spéir, An Ghaoth, Na hÉanlaithe, Na hAinmhithe, An Nádúr, Ceo Bóthair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)garbh.
NA h-AINMHIDHTHENuair a bhíonn an cat ag nigheadh a aghaidh agus ag crónán agus nuair a bhíonn a dhrom leis an dteine sin comhartha droch-aimsire. Nuair a bhíonn an criogar ag cantain go géar sin comhartha báístighe. Nuair a bhíonn na h-éísc ag léímridh san uisge agus ag ithe na mbeach sin comhartha tóirnighe agus tinntrighe. Nuair a gheibheann an madra píosa feóla agus nuair a théigheannsé amach sa pháirc chun é d'ithe sin comhartha báistighe. Nuair a bhíonn na muca ag gnúsachtaigh bíónn báisteach in-a dhiaidh sin. Nuair a thagann an gabhar abhaile sin comhartha báistighe. Nuair a bhíonn na beacha ag piocadh na mbeithidheach sin comhartha báistighe.
AN NÁDÚIRNuair a chímíd na sléibhte in-aice linn sin comhartha báistighe. Nuair a chímíd solas gorm istigh sa teine beidh báisteach ann. Nuair a bhíonn an t-úrlár fliuch sin comhartha báistighe. Nuair a bhíonn sugha ag tuitim sin comhartha báístighe. Nuair a bhíonn an taoide garbh beidh an aimsear fliuch agus storimeach. Nuair a bhíonn tuille sa bhfairrghe sin comhartha stoirme.
CEO BÓTHAIRNuair a bhíonn ceó bóthar ag éírghe ó'n mbóthar sin comhartha báistighe agus gaoth árd. Nuair a bhíonn deatach ag casadh anuas beidh fearthainn ann.- Collector
- Breandán Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Informant
- Seán P. Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Quilty, Co. Clare