School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (roll number 13942)
- Location:
- Mullagh, Co. Clare
- Teacher: Tomás Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
- XML Page 511
- XML “Daoine Cáiliúla - Fir Láidre - Dubhán Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear an-láidir in-a chomhnuidhe i dTromsa, in-aice le Coillte breis agus céad bliadhain ó shoin. "Dubhán Mór" a b'ainm dó. Timcheall an ama chéadna bhí fear láidir eile i Luimnigh agus ní raibh aoinne chun dubhslán do ghlacadh uaidh ag caitheamh cloiche truime. Chuala sé mar gheall ar "Dubhán Mór" agus chuir sé fhios air teacht go Luimnigh chun triall do bhaint as. Dubhairt "Dubhán Mór" go rachadh sé ann.Tháinig an beirt ghaisgidheach le chéile in-aice le Luimnigh mar a raibh an chloch mhór. Do bhailigh mórán daoine ó gach áird cun an bheirt ghaisgidheach d'fheiscint. Chaith an gaisgidheach ó Luimnigh an chloch an-fhada agus chuir na daoine gáire mhór molta asta. Chaith "Dubhán Mór" an chloch amach ós cionn na daoine go léir. Rith sé abhaile annsan ar eagla go mbeadh daoine ar a thóir.(Seán P. Ó Baoighill, Coillte)
- Collector
- Breandán Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Informant
- Seán P. Ó Baoighill
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Address
- Quilty, Co. Clare