Scoil: Gortloney (uimhir rolla 11978)
- Suíomh:
- Gortloney, Co. Meath
- Múinteoir: Eoghan de Buitléir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortloney
- XML Leathanach 154
- XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is dócha gur chuala gach duine trácht ar "Seacht n-ionghantaisí an domhain", ach is beag duine, sílim, taobh amuigh de Chonndae na hIarr Mhíde, b'fhéidir, go bhfuil "Seacht n-ionghantaisí Fobhair ar eolas aca. "Seadh, a dhuine, tá a leitheád ann cinnte, agus seo iad de réir mar a cuimhnighim orta:-IAn muileann gan sruth leis an roth do chasadhIIAN t-uisge nach féidir é do beirbhiúIIIAn t-adhmad nach féidir é do dhoigheadhIVAn mainistir atá tógtha ar pháiste talmhan réidh tirim i lár portaighvAn chloch a chaith Naoimh Feichín thar Cnoch na BeinneVIAn chloch mhór throm a chuir Naomh Feichín ós chionn dorais a teampuill.VIINach mbeidh Fobhar gan bhaintreabhach coidhche baineann furmhór na n-iongantaisí seo le taisbeántas comhachta Naoim Feichín agus miorbheult tabhactach a b'eadh an chéad cheann, i tdaobh an muileann gan sruth. Seo é an sgeul atá ag baint leis, agus is fíor áluinn an sgeul é.Bhí an lín-tighe manach i bhFobhar an-mhór(leanann ar an chéad leathanach eile)