School: Gortloney (roll number 11978)

Location:
Gortloney, Co. Meath
Teacher:
Eoghan de Buitléir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0716, Page 159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0716, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gortloney
  2. XML Page 159
  3. XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tonna san gcloich. Ba dheacair a shamhailt cionnus mar a árduigheadh an chloch mhór seo go dtí a h-áit ós chionn an dorais 'san am úd nuair nach raibh an crann tógála aca nó cabhair ar bith ó ealadhan chun cabhrú leo le'n a leithéid do dhéanamh. Seo í an sgeul amhail mar atá sí ar rith i bhFobhar. Nuair a bhí an teampull 'gá tógáil ag na lucht oibre a ghlaocdh Naomh Feichín cuige chun na h-oibre do dhéanamh, dheineadar an chloch d'ullmhú agus do rolladh go dtí bun an fhalla, ach níor éirigh leo í d'árdú 'san áit cheart. Bhí sí ró-throm dóibh. Dubhairt Feicín leo dul isteach agusa mbricfeast do chaitheamh, agus a sgíth a leigint roimh tosnú ar obair na cloiche, agus go mbéadh seisean ag feitheamh leo go dtí go dtagadh siad arais. Rinneadar amhlaidh agus nuair thángadar arais go dtí an áit bhí an chloch mhór-árduighthe agus' 'na áit cheart ós chionn an dorais 'Séard a thuig na fir as sin ná go bhfuair an Naomh cabhair ó Neamh leis an chloch do chuir suas. Tá an t-eachtra seo curtha i gcuimhne go deo ag muintir Paráiste Fobhair.
    Timcheall caogadh bliadhain ó shoin do chuireadar seipeál nua ar bun i bhFobhar, agus níor sparáil siad an t-airgead ar fhuinneoig bhreágh gloinne bhreachach (stained glass). Sé ceann de na príomh-radhairch atá 'san bhfuinneoig sin ar cúl na h-altóra
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish