School: Gortloney (roll number 11978)

Location:
Gortloney, Co. Meath
Teacher:
Eoghan de Buitléir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0716, Page 161

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0716, Page 161

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gortloney
  2. XML Page 161
  3. XML “Fobhar Fheichín, Contae na hIarmhí - Béaloideas ag Baint leis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i mbád ar an loch laetheannta breághtha geala áirithe cinn na dtighthe d'fheiceál tríd an uisge glas, agus deirid leis, go bhfuil sé sa tairngireacht go dtuitfidh Fobhar síos fé uisce Locha Léin airís lá éigin. Roimh deire an t-saoghail.
    Níl sé i bhfad ó shoin ó fuair cúpla fear a bhí ag iasgaireacht ar Loch Léin sean-chlog creadh-umha a bhí báidhte ann na céadta bliadhain roimhe. Sé fírinne an sgeul b'fhéidir go raibh na manaigh ag teitheamh ón-a mainistir a bhí tré teine ag na saighdiúirí gallda, uair eigin fadó, agus gur bh'fearr leo an chlog do mhilleadh ná í leigint tuitim isteach i lámha na saighdiúrí agus dá bhrigh sin gur bháthadhar í. Ní fios ca bhfuil an chlog anois
    I ngioracht do Sean-Theampull Naoimh Fheichín fé sgáth na carraige is eadh rud eile suimeamhail, feart nó áit curtha na clainne Grebhille-Nugent Ó'Dealbhna. Foirgneamh ait is seadh é 'na bhfuil túir clúduighthe le h-eidhean agus seipeilín gotach. Ní áit curtha a bhí ann i gcomhnuidhe ámhthach. Taobh istigh de'n doras darach tá pláta ar a bhfuil sé sgríobhtha go bhfuil dithreabh darbh ainm Pádruig Beiglín curtha fé'n gcloich a fuair bás 1616. Deireann stáirithe linn go raibh dithreabh 'na chomhnuidhe 'san áit úd i bhFobhar ar feadh i bhfad, chomh luath agus fuair duine aca bás bhíodh duine eile ann n-a ionad. B'é an foirgreamh seo atá 'na áit curtha anois
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish