School: Clochar na Trócaire, Baile Mathúna (roll number 3865)
- Location:
- Ballymahon, Co. Longford
- Teacher: Sr. M. Clement
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Baile Mathúna
- XML Page 409
- XML “Béaloideas fé Fhilibh, fé Chruiteoiribh agus fé Phíobairibh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Máighistir an Bhanna". Do mhúin sé na bannai Fíf agus Droma i gceithre nó i gcuig de pharóistibh thar timcheall annso agus i mBaile Mathghamhna freisin 40 bliadhain ó shoin. Do sheinneadh sé ar an Fheadán san chóradh i gCor na Dumhca timhcheall 60 bliadhain ó shoin.
Bhíodh máthair an fhir a thug an giota seo béaloideis dhom, bhíodh sise agus a deirbhseátracha san chóradh an uair sin. Fuair sise bás dhá bhliadhain ó shoin i n-aois a bliadhain is ceithre scór. Bhíodh siad féin is daoine eile fé stiuradh Dhomhnalláin ag cantain Oifig na Marbh ag gach uile tórramh san cheanntar i rith an ama sin.Deagh-fhear a bhí ann. Do mhúineadh sé an Teagasc Críostaidhe do na páistibh agus do na daoinibh fásta gach Domhnac i sgiobólaibh móra i n-áiteacha iargcúlta fén am seo nuair nach raibh an Teagasc le faghail ag na daoinibh bochta.Do mhúineadh Séamus Ó hAinlige agus Pádraig Ó Dómhnalláin ceol d'á lán daoine. D'fhéádfadh an t-aithriseór suas le dáréág duine d'fhagháil (fá 60 bliadhain d'aois), indiu féin a bhain le scoil na beirte seo.- Informant
- Pádraig Ó Cathasaigh
- Gender
- Male
- Address
- Ardoghil, Co. Longford