School: Durrow
- Location:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Teacher: P. Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Durrow
- XML Page 152
- XML “Limistéar Dharmhágha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar olcas chuige. Bhí a radharc ag baint codladh na h-oidhche dhe óir ba léir a fhallaí a thúr ó na thigh feín. Ba mhó mar d'fhuathaigh a bhean é agus is mó uair ghlaoidheadh sí in árd a cinn agus a gotha ar a fear -"Go down and plant trees around that infernal meeting house"Agus leanadh ar a h-órduighthe agus cuireadh crainn sa timpeall air.Lá dá raibh Lord Norberry amuigh ar an mbóthar - ag díruighadh a mhéire ar chrann agus ag órdughadh dá fhear é leagadh aimsigheadh le pléar é agus thuit fuar marbh. Tugtar ar an bhfánaidh bhig sin ó shoin "The Lord's Hill."Tá Roiligh in aice an Chaisleáin agus ba theampeall Chaitiliceach tráth é acht nuair scriosadh cealla fíor chreidimh agus an creideamh Prodastúnach do thaithinghadh deineadh cur Caitiliceach do dhícheadughadh. Ní h-amháin sin ac an chill atá istigh sa Roilig agus na Caitlicigh do chleachtadh a gcreidimh innti baineadh í siúd uatha agus cromadh ar Phrodastúnacht do chur idtaithighe in a ionad. Ac leig míoádh agus díoghaltas dá ndroch bheart óir an uair tosnuigheadh le na gcreideamh do ghníomhadh d'éirigh saith beach agus fóch istigh sa chill ionnus go mbéigean don phobal theicheadh. Uime sin níor mór foirgneamh nuadh Prodastúnach do dhéanamh agus an ceann Caitliceach do thréigean.