School: Durrow
- Location:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Teacher: P. Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An sgéal so agus an t-eolas mar aon fachta ón sgéaluidhe réamh-luaidhte.
An Séipéal atá sa Darmháigh foirgneamh breágh d'aolchloich ghreanta é. Tá sé céad bliadhain d'aois. An t-Athair Ó Reachtarbhaigh ba bhun le na thógáil. Níor thaithnigh a fheic leis an Lord agus líonadh a chroidhe d'fhuaith agus d'fheirg gach uair leagadh sé rosg air.Níor thaise dá mhnaoi. Ba mheasa léithi é na trí bhior ghacthe an bháis. Minic ghlaodhadh sí in árd a cinn agus a gutha ar a fear "Get down there and plant trees around that infernal meeting-house for I can't bear the sight of it."Agus planndáladh crainn uime d'fhonn a cheilte ó na ndearcaibh ach do b'aoirde an chill ná an choill. Mar an gcéadna le tobar Colm Cille. Tá sé sin suidhte istigh in a ollfhearann. Tharcuisnightí é le caitheamh cloch isteach ann ag iarraidh a iadhta ar fad. Ach eirigheadh an t-uisge in áirde in a seomraí féin agus ó b'fusa d'fhulaing le fosgailt an tobair ná sgéitheadh(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Muineog
- Gender
- Male
- Age
- 87
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Durrow Demesne, Co. Offaly