School: Durrow
- Location:
- Durrow Demesne, Co. Offaly
- Teacher: P. Ó Coinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus sciosúr.""Cíor agus sciosúr!" arsa fear na Darmhágha.
"Is ait í mar athchuinghe. Agus fós conus a' ngeobhainn iad agus cá h-áit?"
"Éist. Nach eol duit gur féidir dul isteach sa Mhoítín."
"Nuadhacht dom, é sin."
"Bheul, is féidir. "Tabharfad duit slat draoidheachta agus nuair buailfidh tú áit áirithe sa Mhoítín féadfair dul isteach.
Gheobhaidh tú istigh na neithe d'ainmnigheas."
"Tá go maith. Déanfad mar órduigheann tú."As go bráth leis go dtí a thír féin agus iar sroisint an Mhoítín bhuail mar a dubhradh leis agus i bpreabadh na súl seo ar a aghaidh doras mór fairsing agus é ar dhian leathadh.
Isteach leis. B'iongntach an fheic (?) roimhe. Bainrioghain mhaiseamhail suidhte ar chathaoir rioghdha agus í feistighthe in éadthaighe sróill agus síoda agus í in a toirchim suain.
Ghaibh sé go h-aiclidhe sa tempeall.
Mhéadaigh ar a rosgaibh le h-iongntaisí na h-áite.
B shin ór - Cairn mhóra de!
Chomhnuigh a shuíl go buan fada air.
Dúisigheadh de gheit é. Léim cat mór dubh as cúinne an Mhoítín agus le tarraingt na h-ánala bhí an fear bocht amuigh sa bhán.(continues on next page)- Informant
- Séamus Ó Néill
- Gender
- Male
- Age
- 61
- Occupation
- Oibrí
- Address
- Kildangan, Co. Offaly