School: Gort Both Fearna, Maurice's Mills, Ennis
- Location:
- Gortbofarna, Co. Clare
- Teacher: Tadhg Mac Garbhaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá tigh sa baile seo'gainne agus tá sé tógtha ar lios Muinntir Uí Lochlainn abhí ann go fíor deidhranaigh. Tá Mac Uí Riada pósta ann anois. Deirtear go mbíonn soillse breághtha mór timcheall an tighe sin gach oidhche.
Té tigh eile ann tóghtha ar lios leis. Deirtear go raibh táiliúir 'na codladh sa tigh seo shuas a staighre oidhche. Thosnuigh duine éigin ag radadh (?) cloch leis an dtáiliúir. Ní fheacha sé aoinne ná ní chuala sé aon fhuaim an fhaid abhí na clocha á radadh agus i gceann tamall do labhair duine éigin as dorchadas na h-oidhche agus dubhairt se leis an dtáilliúir gan an doras d'oscailt feasta. Nuair a dhúshaigh an táiliúir lár na ??? bhí cos bacac fé agus deirtear dá n-osclóidís an doras ó soin go radfaí as an dteach muinntir a'tighe.- Collector
- Seán Ó Léathaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín de Faoite
- Gender
- Male