School: Clohanes, Dún Beag

Location:
Clohanes, Co. Clare
Teacher:
Mícheál de Bláca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0626, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0626, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clohanes, Dún Beag
  2. XML Page 207
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. CÓMHARTHAÍ DROC-AIMSIRE

    1) Sléibhthe Ciarraighe ag féachaint in-aice duit
    2) Nuair a thagann duine isteach i dtigh agus chasann sé a dhrom chun an teine

    3) Nuair a leigtear na gabhair amach agus fanaid in-aice an bothán

    4) Nuair a bhíonn an fhairrge briste agus garbh.
    5) Bíonn cearc ag piocadh a cleithí
    6) Nuair a chloistear an tonn ó'n dtaobh theas
    7) Solus gorm ins an dteine

    BÁISTEACH
    1) Téigheann an ghaoth andeas, nó anoir andeas nó aníar andeas

    2) Téigheann na scamaill teasna na spéire agus luighid ar Sliabh Callain

    3) Nuair a bhíonn scamall dubh idir Oileán na gCaorach agus Beal Tard

    4) Bíonn na preacháin in-a seasamh ar na fallaí
    5) Nuair a bhíonn na lachain ag screadadh
    6) Fáinne mór-thimcheall an ré
    7) Nuair a bhíonn much mí-chompórdach
    8) Tagann na faoileán ar an dtalamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish