School: Clohanes, Dún Beag

Location:
Clohanes, Co. Clare
Teacher:
Mícheál de Bláca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0626, Page 179

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0626, Page 179

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clohanes, Dún Beag
  2. XML Page 179
  3. XML “Lorcán Mac Luirc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (ó sean lámh-scríbhinn)

    Lá dar eirig Fionn Mac Cumhaill agus Fianna Éireann amac ag fiadhach agus ag fine- cosgairt dóibh fein is é an áit go tugadar a n-aghaidh na ar an dá Chích agus níor stadadar go ndeaghadar go mullach ceann dosna Chícheanna.
    Do stadadar uile go léir annsan agus d'fheacadar na dtimcheall ar na cnocaibh agus ar na sléibhtibh agus ar na coilltibh sa ceanntar mór-thimcheall ortha.
    Le na linn sin tháínig ana-codladh ar Fhionn agus dubhairt sé leis an gcuid eile de'n Fhéin
    "Imthighidh-se 'raibh anois ag fiadhach díbh féín agus sínfead-sa thorm annso go fóíl mar tá ana-dhúil in greas codlata agam; ní leogfaidh Bran d'aoinne teacht i ngan fhios orm agus nuair a dhúiseóchad-sa leanfaidh mé sibh."
    D'imthig an Fiann uile annsan go ndeaghadar ó thuaidh go dtí Sliabh Luachra.
    Tar éis imtheacht dóibh do shín Fionn thairis agus do thuit a chodladh air agus san am céadna do shín Bran í féín le n-ais ag tabhairt aire dhó.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish