School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)

Location:
Carrigaholt, Co. Clare
Teacher:
Bríd, Bean Uí Chatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
  2. XML Page 049
  3. XML “Scéal mar gheall ar Tae”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair tháinig té go dtí an tír seo ar dtúis, bhí sé an gann acht bhí gach aoine ag trácht fé. Lá amhain, cuaidh fear ó Cill Bheathach go Cill Ruis agus dúbhradh leis go mbíodh cupán té le fághail i dtig áirighthe ann.
    Ní raibh aon bheurla ag an bhfear agus isteach leis ag lorg an cupán té. Tugadh dó é agus siúcre agus bainne agus ars an bhean leis " Sweeten it to your liking ".
    Dól sé an té acht nó raibh a fhios aige cad chuige an siúcre ná an bainne agus ar ndóigh, bhí an té searbh gan íad, acht pé sgeul é d'íoch sé as agus roimh dul abhaile dhó isteach leis i siopa eile chun cupáin eile d'fághail agus chuir an tarna bhean an bainne agus an siucre sa chupán agus do thaithn sé go mór leis. Nuair a bhí sé ag tabhairt luach an té uaidh d'fhiafruidh sé di cad é an saghas té a bhí aici agus dubhairt sí leis gur bé " the best Congo ".
    Mo ghrádh do Chongo a bhean bheag ar séisin acht bheirim dó'n diabhal " Sweeten to your liking ".

    Brighid Bean Uí Chatháin
    Carraig-a-Chabhaltaigh

    Fuaras é ó
    Sean Ó Meachar
    Rinn Bhile
    Carraig-a-Chabhaltaigh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Brigid Bean Uí Chathain
    Gender
    Female
    Address
    Carrigaholt, Co. Clare
    Informant
    Seán Ó Meachar
    Gender
    Male
    Address
    Rinevella Point, Co. Clare