School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)

Location:
Carrigaholt, Co. Clare
Teacher:
Bríd, Bean Uí Chatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 063

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 063

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
  2. XML Page 063
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt ban ann san tsean aimsear, agus bhí an cháil go léir aca. Mhair gach duine acu breis agus míle bliadhain. Bhí duine acu 'na comhnuidhe thuas i gCo. Muigheo agus an duine eile theas in Oileán Bearbha.
    Sgriobhaidís chun a chéile go mean minic agus dheiridís cur síos ar gach rud a bhain le cursaí an lae. Sa deire d'eirigeadar tuirseach d'en scriobhneóireact agus rinneadar teacht le chéile chun na cursaí ceadhne do pleidhe. Bh i an tionadh coinne a bhí eatorra ná Carraig A'Chabhaltaigh. Tháinig lá an choinne agus bhogadar an bóthar fé dhein Carraig a'Chabhaltaigh. Bhí an bhean theas ba túirsce a shrois an aít acht níor bhfada a bhí sí ann nuair atháinig an bhean eile 'na treó. Níl téora a bhí leis an cur síos a bhí eatarra ar feaidh taimall agus nuair a bhíodar tráchta d'en chainnt, chuadar isteach i dtig éigean ann agus d'órduigheadar béile maith bídh agus nuair a bhí a ndóithean itthe aca leanadar leis an seanchur aríst agus tar-éis tamaill labhair Cóilleac Muigheo mar leanas...
    Bhail ar síse is sine tusa na mise, agus ba mhaith liom cómhairle mo leasa d'fhágáil uait, mar taim óg fós, tá fhios agat. Bhí an bhean eile ag cur is ag cúteamh ar feadh tamaill agus annsado labhair sí mar leanas...Seo í mo cómhairle dhúit ar sise.An té bíonn go maith duit, bí go maith dó.
    Brígid Ní Mhathúna.
    Fuair mé an sgeul seo ó mo shean-athair. (80 bliain)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brigidh Ní Mathghamhna
    Gender
    Female