School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Page 275
- XML “Na Fíníní 1886-67”
- XML “An Troid i gCill Bheathach 1867”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (4)Nuair bhiodh Captaen dá thóghadh aca théighdís in áit uaigneach ist' oidhche. Oidhche amháin bhí cruinniu aca i gcorcac le Seán Mac Fhlannchadha, Cuibhreann. Tóghadh úncal m'athar Líam O Ó hEochaidhe in a chaptaen agus nuair a bhíodar ag teacht abhaile bhuail an tAthair De Faoite ortha agus thosnuigh sé ag seanchas leo. (Bhiodh droc-mheas ag an sagart sin ortha agus chúm sé amhrán 'gá gcáineadh)Nuair bhí sé ag seanchas leó an oidhce sin chualadar na póilíní at teacht. Bhí siad chun theiceadh acht dubhairt an sagart leo gan teicheadh - nár bhaoghal dóibh. Chuadar thar na póilíní a bhí ar an mbóthar agus ní facthas in aon chor íad.(Seámus Ó hEochaidhe ó m'athair)
- Collector
- Séamus Ó hEochaidhe
- Gender
- Male
- (5)
Ba hé Thomas Fennell ó Charraig a'Chabhaltaigh an Captaen ortha agus tráthnóna amháin le tuitim na h-oidhche chuaidh sé féin agus cúigear duíne déag go Cill-Bheathaidh (Kilbaha, Co. Clare) chun na nGárdaí-Cósta d'ionnsnighe. Chuala na póilíní i gCarraig a' Chabhaltaigh tráith air agus sgaoileadar gunnaí san aer mar cómhartha do ghárdaí na gCóstaí. Nuair do srois na Finníní Stáisiún na nGárdaí bhíodar ullamh rómpa. Thosnuigh an troid acht ní raibh acht aon ghunna amháin ag na Finníní - Goineadh Fennell le piléar sa chois, theith na Finníní agus cuireadh an fear gorta i bfolach i dtig le Seán Ó Cathain, Cill Bhaile EoghainThagadh an dochtúír gach oidhche ag freastal air. Lean na póilíní é, oidhche amháin agus ghabhadar Fennell.(continues on next page)