School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Page 278
- XML “Ceithearnach an Chuibhrinn”
- XML “Ceithearnach an Chuibhrinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Gaiscidheach a chomhnuigh i gCuibhreann, Cill Caoidhe, Co. an Chláir ab'eadh an Ceithearnach Mac Mathghamhana ab'eadh a shloinne, adeir Seán Ó Loinsigh. Le na linn sin bhí Fátach i nDún Átha- fuaim na h Adharca ab' eadh ainm (deirtear gurbh adharc a bhí ag "fás" ar a cheann, nó ar a bháireád nó gur chosúil le fuaim adharce a ghuth.Bhiodh Ceithearnach ag baint íarrachtaí as agus ag magadh fé go minic agus níor fhéadh Fuaim teacht suas leis. Lá amhain buaileadar um a chéile láim le h Abhainn Dúin Átha agus thosnuigh an Ceithearnach ag baint iarrachtí as arís. Lean an Fátach é. Léim Ceithearnach thar an abhainn agus fuaim 'na dhiaidh acht do shleamhnuigh cos an fhátaigh agus tuit sé i ndiaidh a chinn ar an bhfód. Chuala an Ceithearnach búirtheach an Fhathaigh, d'iompuigh sé ar a sháil, chonnaic sé sínte é agus bain sé a cheann de de bhuile claidhimh. Tá an Fátach curtha san áit go dtugtar "Lios Fuaim na hAdarca" uirthí ar an léarscáil.
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- Dan Mc Inerney
- Gender
- Male
- Occupation
- Smith
- Address
- Kilkee, Co. Clare