School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)5. Faithní: Seilcidhe a chimilt des na faithní agus an seilcidhe a chrocadh ar tor draighnighe nó tor spíonáin. Nuair a gheobhadh an seilcidhe bás d'imtheóchadh na faithní.6. Bruitíneach: Níl aon leigheas ar an bruitíneach ach fanúint ins an leabaidh. Tugtar leann nó inniúin beirbithe i mbainne dos na daoine cun na spotaí a chur amach go tapaidh. 7. Buinní : 1. Má shiubhlann duine cosnochtaithe ar an drúcht naoi n-uaire in dhiaidh a chéile leighiseann sé buinní.
2. Má nigheann duine na buinní ins an uisce meirgeach a bhíonn sa díg trí h-uaire leighisfidh sé iad. 8. Teine Fiadh: 1. Fuil chait dhuibh a chimilt de'n áit.
2. Aoine dárbh ainm dó O'Chathail má phriocann sé a mhéar go dtagann an fuil agus má chimleann sé an teine fiadh leis an fuil trí h-uaire leighisfidh sé an teine fiadh go tapaidh.9. Fárthainne: 1. Bluinig agus cloch ghorm a mheascadh le chéile agus é chimilt de'n áit.
2. Ainm an duine a scríobhadh mór-thimcheall na háite le dubach.
3. Luaithreach tobaic a chimilt de'n áit(continues on next page)