School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- XML Page 283
- XML “Petticoat Louise”
- XML “Scéal - Seán na Rósters”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chuir sé as í go dtí an Fhairrge Ruadh mar a bhfuil sí fós ag déanamh súgán de'n gainimh go bráth.
- Scéal
Seán na Rósters Bhí bean i dteannta Portláirge fadó agus bhí mac aici. D'fhan sé idir an cliabhán agus an leaba istigh, gur shrois sé blian is fiche. D'itheadh sé mias mór prátaí rósta trí h-uaire an lae agus peigín bainne.
D'imthigh an bhean ó bhaile lá agus nuair nach raibh sí abhaile in am dinnéir d'éirigh Seán as an leabaidh agus bhí sé cómh mór san gur thóg se ceann an tighe ar a guailnibh. Ní raibh fhios aige cad a dhéanfadh sé annsan agus chuaidh sé dtí tigh duine uasal a bhí gairid dóibh a dtugaidís Palastear air. D'iarr se roinnt adhmaid ar Phalaster chun ceann a chur ar an dtigh. Thugadar tuagh dó agus slabhra, do chuaidh sé amach sa choill agus do bhain sé leath dosaen crann, chuir se an slabhra timcheall ortha, thug se abhaile iad agus chuir sé ceann ar an tigh.
Chuaidh sé arís dtí tigh Phalaster agus d'iarr sé beart tuighe air chun an tighe a dhíonú. Dubhairt sé leis é thógaint agus an mhéid tuighe a bhuail beirt fear san seachtmhain chuir sé téad timcheall air agus thóg sé leis ar a dhrom é.(continues on next page)- Informant
- R. Ó Riain