School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Teacher: (name not given)
![The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 06_022](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0070C%2FCBES_0070C_06%2FCBES_0070C_06_022.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 06_022
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Page 06_022
- XML “Gobán Saor”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gobán agus an mac ag imtheacht aríst. A mhic arsa gobán giorra an bothar indhiu. Cén chaoi a bhféadta mise an bothar a ghiorramhadh arsa an mac. Fill abhaile arsa gobán. Chuaidh an mac abhaile agus nuair a tháinic sé isteach sa teach d'fhiafhruigh duine de chlann ingean ghobáin de cá raibh sé ag dul. Dubhairt mo athair liom ar seisean an bothar a ghiorramhadh agus dubhairt mé leis cén chaoi a bhféadfainn é a giorramhadh. Fill abhaile ars eisean. Annsin tháinic mé abaile. Tuige nar thosuigh tú ag innseacht scéal dó agus nuair a bheadh ceann innsighthe agat ceann eile a innseacht ar sise. An chéad lá eile bhí gobán agus an mac ag imtheacht aríst agus dubhairt gobán leis an mac. Giorra a bothar a mhic. Thosuigh an mac ag innseacht scéal. Tá sé agat indiu arsa gobán. Nuair a bhí an scéal críochnuighthe ag an mac Thosuigh sé ar ceann eile, agus ba ghearr go rabhadar ag teach an duine uasail. Thosuigh siad ar an gcaisleán agus bhí siad ag obair chuile lá. Nuair a bhí an caisleán déanta aca ba mhian leis an(continues on next page)
- Collector
- Pádhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Informant
- Peadar Ó Flannchadha
- Gender
- Male
- Age
- 37
- Address
- Seanadh Fhraochóg, Co. Galway