School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)

Location:
Na Forbacha, Co. Galway
Teacher:
(name not given)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 11_001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 11_001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Page 11_001
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Bhí triúr dearbhráthar ann fadó. Bhí beirt aca saidhbhir agus an fear eile bocht. Bhí talamh ag an bhfear bocht acht ní raibh aon Stoc aige air, acht aon ghamhain amháin. Cheap an bheirt dearbhráthar dá marbhuighthí an gamhain go gcaithfeadh sé an talamh thabhairt súas. Aon oidhche amháin mharbhuigh siad an gamhain i nganfhios don fhear bocht. Fuair an fear bocht an gamhain marbh ar maidin. Thug sé abhaile é agus bhain sé an craiceann de, agus thug sé leis é go dtí an baile mór. Bhí an craiceann ar a dhruim aige, agus bhí taobh an fhionnaigh isteach agus taobh na feola amach. Luigh Snágh-bhreac ar a dhruim agus bhí sé ag faire air go rug sé air, agus chuir sé faoi na ascaill é. Bhí sé ag imtheacht leis go casadh é go dtí teach ósta. Chuaidh sé isteach. Sean bhean bhí sa teach ósta. D'iarr sé braon fuisge.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Brígid Ní Ghráinne
    Gender
    Female
    Informant
    Liam Ó Gráinne
    Gender
    Male
    Age
    60
    Address
    Na Forbacha, Co. Galway