Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mayo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fhios aige.
"Lios ghuib bháin." Tá sé suidhte i Máigh Mhuilinn in-aice an chladaigh. Tá cuma chruinn ar an lios sin. Tá bannc chré thart air. Ní'l crann ar bith ag fás thart ar an lios. D'iarr mé ar na sean-daoine an raibh baint ag na lochlannuigh nó ag na Tuatha De Danann leis agus dubhairt síad liom nach raibh a fhios aca. (Chuala mé ná sean daoine ag rádh gur thaobh fear ceann dé'n na leasa sin ní agus cailleadh an-chuidh a ba mhó de'n na chuidh caoirigh.) Bhí fear ag dul abhaile oidhche amháin thart ar meadhon oidhche agus chonnaic sé soillse agus ní raibh se amuigh chomh mall oidhche ar bith ó shoin. Chuala mé sean bhean ag rádh gurbhé an mhaidin a bhí ann agus chuala sí ceól(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Sheoighe
- Inscne
- Baineann