Scoil: Sheanmore (uimhir rolla 16197)

Suíomh:
Sheeanmore, Co. Mayo
Múinteoir:
Síghle Ní Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131C, Leathanach 01_035

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131C, Leathanach 01_035

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sheanmore
  2. XML Leathanach 01_035
  3. XML “Coinnlí sa tSeanaimsir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Coinnlí sa tSean-Aimsir
    Coinnlí luachra a bhí ag na daoine fadó. Bhaineadh siad an luachair sa bhFóghmhair agus chuireadh siad i dtaisge é go dtí an geimhreadh. Baineadh siad an craiceann uilig dhe acht stríoscín beag ar taobh amháin dhe. Leagadh im nó gréas eile éicint ar fo-chupán agus thomadh siad na coinnlí ann. Sháitheadh siad cipín i bhfód móna nach mbeadh ro chruaidh. Chuireadh siad scoilt ar bhárr an chipín i n-áit do chuireadh siad na coinnlí ina seasamh ann. Lasadh siad na coinnlí nuair a bheadh an suipéar dhá caitheamh acu agus dheanadh siad le solus na teineadh an chuid eile den oidhche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. O' Donohoe
    Faisnéiseoir
    Seán Bairéad
    Inscne
    Fireann