Scoil: Sheanmore (uimhir rolla 16197)
- Suíomh:
- An Sián Mór, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Síghle Ní Dhonnchadha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131C, Leathanach 01_035](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0131C%2FCBES_0131C_01%2FCBES_0131C_01_035.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131C, Leathanach 01_035
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Coinnlí sa tSean-Aimsir
Coinnlí luachra a bhí ag na daoine fadó. Bhaineadh siad an luachair sa bhFóghmhair agus chuireadh siad i dtaisge é go dtí an geimhreadh. Baineadh siad an craiceann uilig dhe acht stríoscín beag ar taobh amháin dhe. Leagadh im nó gréas eile éicint ar fo-chupán agus thomadh siad na coinnlí ann. Sháitheadh siad cipín i bhfód móna nach mbeadh ro chruaidh. Chuireadh siad scoilt ar bhárr an chipín i n-áit do chuireadh siad na coinnlí ina seasamh ann. Lasadh siad na coinnlí nuair a bheadh an suipéar dhá caitheamh acu agus dheanadh siad le solus na teineadh an chuid eile den oidhche.- Bailitheoir
- S. O' Donohoe
- Faisnéiseoir
- Seán Bairéad
- Inscne
- Fireann