Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 074](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0148%2FCBE_0148_074.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 074
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Agus leabhar na marbh go léighfinn
le taithneamh do’n Lady Iveagh.'S ní chloisim ceól lachan ná gé ann
Ná fiolar ag éighimh cois cuain,
Ná fiú na mbeach ann chun saothair,
Thugadh míl agus céir do’n t-sluagh.
Tá ceól bínn mílis ná n-éan ann,
Ó lé h-amharc an laé bhreith uainn
Ó’s tá an cuaichin ar búrraí na gcraobh ann
Do chuirfeadh an saoghal chun suain.Ó’s tá smuit a’ titim ar ghéagaibh.
Ná tríomuíonn a’ ghaoth ná an lá,
Tá ceó ’gus scamaill ó’n spéir ann
Agus gainnimh ’á shéide ar tráig.
Níl coll, níl cuileann, níl craobh ann.
Ach clocha ’gus maol thúrtáin,
Ó's tá páirc a’ phaddock ’á raobadh
'Gus d’imthig ár ngéim chun fáin. - Bhí cithearnach annso fudó go dtugaidís Mortí(leanann ar an chéad leathanach eile)