Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí muarán daoine muinteardha age Muíntir Shúillobhain - Captaén Marcus - bhí seacht áintíní diag aige agus ceathrar úncailí, bhí an méid sin feaimlí ar Mháir’ Ní Duibh. Bhí sí go maith!
Ach dubhairt sé leis an úncail gur mhuar a’ scial do Bannc a’ Róistig a bheith dúnta go raibh a sheacht ciad púnt istig. "Ó," ars a an t-úncail, ar seisean "ní h- aonní dhómh-sa é sin,"ar seisean "is measa dhuit féin do thrí
ciad a bheith caillte agat," ar seisean, "ná ficfir go deó é. "Thugas-sa liom mo thrí ciad’ arsa Captaén Marcus. "Connus ’fhiadais dul air?" arsan
t-úncail. "D’fhiadas, dul isteach sa bhannc san áit go raibh sé," ar seisean "tá do sheacht ciad-sa leis agam," ar seisean. "Well, ó’n uair go rabhais cómh maith,"
arsan t-úncail, ar seisean, "bídís i dteannta ’chéile agat". Agus sin ar dhin sé de mhaitheas riamh, an méid a dhin sé ar mac a dhriféar. - Bhí sagart annso mar pharóiste fudó go dtugaidís a’ t-Athair Pádraig Ó Conaill air agus tá oileán(leanann ar an chéad leathanach eile)