Do chómhnuigh fear fudó annso a n-Éirinn agus ’sé an ainm a thugaidís air an Gobán Saoír. Saor breágh a b’eadh é agus siúinéar. San am san ’sé an sórt tighthe a dhintí tighthe adhmuid agus ní raibh aon chur síos air
chun na tighthe adhmuid do dhianamh agus do bhí a ainm in-áirde ar fuaid na h-Éireann agus ní raibh aon duine muar a n-Éirinn ná go b’é dhineadh tig dóibh. Ní raibh aige ach aon mhac amháin agus do bhíodh sé féin agus a mhac ag obair agus glaodhach go leór aca ar
a gcéird. Do thaidhbhrimh sé mar seo lá osna laétheannta go bhfaigheadh sé bean do
’na mhac. Do bhí a bhean féinig a’ dul a gcríonacht agus do chuímhnimh sé ar phlean mar
b’ana-mhaith leis bean mhaith tíghe ’fhághailt do ’n-a mhac. Dubhairt sé leis an mhac ’mtheacht agus
cuíora do thabhairt chuige isteach. D’imthigh
Never Gobán Saor in Uibhrábhach T.Ó M