Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)173
Seáin Mharthéis. Bhíodh na sean daoine a’ dul
fé ’n-a ndéin ins a’ dulóg fudó chun iad a
mharbhúghadh. D’imthig mo shin sean athar uair
agus a smaichtín maide aige chun iad do marbhú
Do mhairbh sé dhá cheann a’ lá so agus do chean-
Gail sé le ’n-a dhraé bágh iad agus do bhí sé
’á dtarrac tríd a’ bhfairrge a leith chun id
a thabhairt ar a’ dtír. Cheangailte d’á chois
a bhí an draé bágh agus bhraith sé an t-anm a
teacht ionnta í é a - iad ’á thabhairt fé’n uise.
Tharraing sé chuige aníos a’ draé agus cur sé
’n-a bhial é agus do gheárr sé é le dhá fiacháil a
bhí aige - sin a raibh ’n-a chrán san am - bhíodar
ar fad caillte aige. Nuair a fuair sé an drá
geárrtha d’imíodar chun siúbhail agus do dhin sé
an talam isteach- a’ snámh a bhí sé. Well, d’fhág
sé le n-uadhacht age ’n-a chlaínn ’n-a dhiaidh gan
faic a bheith le dianamh lé róinte as san
amach, go rabhdar fé dhraoídheacht. Ach ’sé an
ainm a ghlaodhadh air annsan. Taóg na Fac-
aile nuair a gheárr sé an draé bágh le ’na
dhá studa.
"ós a thagairt do róinte é, do bhí fear(leanann ar an chéad leathanach eile)