An t-Athair Mícheál Raoghall agus Fear an Steisin (i)
Bhí sagart fudó a bParóiste na Dromad go bh’ainmh do an t-Athair Mícheál Raoghall.
Théidheadh sé ana- mhoch go dtíos na stations. Chuaidh sé - tháinig sé go dtí Station maidean a Macha Ghiornáin(ii) agus bhí muíntir a’ tíghe ar
fad ’n-a gcodla agus istig i’s na tighthe cómhnuidhthe an uair sin a bhíodh na h-ainmhidhthe ar fad ceangailte, agus níor bhraitheadar aonní gur bhuaileadar an dorus. Nuair eirig
fear a’ tíghe amach - chuaidh sé amach go dtí tig beag eile bhí amuich i n-aice leis a’ dtig
agus thug sé leis dhá phíce agus ar seisean leis a’ sagart:
"Bbeannacht Dia dhuit, ’athair," ar seisean, "agus beir ar
a’ bpíce go fóil," ar seisean, "agus glan a’ tig i n-aénacht
liom." Ach n’fheadar - ach níor thóg a’ sagart
(i) 'Station'
(ii) Ar an dtaobh theas do Loch Chluain Eachlaínnn
also Macha Ghrionnáin