Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aon cheann de. Bhí taithíghe mhaith aige ar a leithéid de chúrsa ’imtheacht air, agus bhí sé ana-phléisiúrtha an sagart chiadna, agus ana-Ghaodhluinn ar fad (aige). Gaodluinn ar fad a
labhradh sé go dtíos na ndaoine agus - - ar an ulthóir agus i's na h-ao’ bhull. Pé seanamóin
a thabharfadh sé uaidh, thabharfadh sé uaidh as
Gaodhluinn é. Tá sé caillte le muarán blianta anois agus tá sé curtha i yard a’ t-séipéil-
Séipéal Thúirín Sai. - Tá áit thuas age barra an locha - barra Loch Luíghdheach, go dtugaid siad na Camáin
air agus ’sé an bhrígh 'tá leis sin, bhí báire muar ar an áit go bhfuil Loch Luíghdheach aníos
fudó, agus bhí an bhaire chómh dian eathortha nár ghoibh aon taobh aca ar a chéile agus chuireadar siar é go dtí lár na mháireach, go mbeadh báir’ eile ’ca fiach a ngeóbhadh aon
taobh aca ar a chéile agus nuair a thángadar(leanann ar an chéad leathanach eile)