Imleabhar: CBÉ 0148

Dáta
9 Nollaig 1935
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    268
    = Scéal Creiche. =
    Do tháinig órdú’ chun stuic a thógaint annso
    fudó i mbórd tóghainín (níos aoirde?) agus do
    tháinig triúr agus chuigear ó’n Scairt ’á dtogaint
    seadh, má thángadar ní raibh aonne rómpa
    ach na mná, bhí na fir go léir sa tráig ag
    nuair a tháinig na fir as a’ dtráig, nuair a
    thángadar abhaile do bhí an stoc tógtha agus bail,
    ighthe leó. Seadh, d’imthigh fear agus a seacht ó
    bord tóghainín ’n-a ndiaidh agus bataí aca agus
    bhíodar a’ cuir a dtuairisg is gach ao’ bhall
    rómpa. Bhíodar a’ fághail a dtuairisg go
    rabhdar rómpa agus a’ stot ar fad aca. Seadh!
    bhí cúpla lá agus dhá oidhche ar siúbhal aca agus an
    tríomadh lá do fuaireadar a dtuairisg go
    rabhdar aistig a’ dteampaillín Chille Cais ar
    bhruach na Síon. Seadh! D’imíodar fé dhéin an
    oileainín agus má imíodar bhíodar a’ tacht amach
    a’ gheatha ’n-a gcoinnibh. Seadh! D’fháisgeadar ar
    a chéile agus má fáisgeadar do mhairbh na h-aonne
    Do mharbhuíodar a chéile na h-aon meidhil bheó
    aca ’ge gheatha an oileáin. Seadh do bhí tigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    8 Nollaig 1935
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta

    Grateful Dead (AT 505–508)

    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir