(ar lean ón leathanach roimhe)
aige ’á dhianamh. Bhí feirmeóir i n-aice leis mar sin annsan go raibh beirt ingean aige agus d’fhiafraig an feirmeoir de dhuine ’osna h-ingeanacha
is an rud a’ dianamh orrtha, a bpósfadh aonne ’ca é. Dubhairt duine ’ca go bpósfadh, imbás
go raibh sé níosa bh'feárr na feirmeóir dóibh.
Seadh! ghluaisig a’ feirmeóir is goibh sé isteach sa cheárdchainn chuige lá mar seo is bhí sé ag obair. "bhfuil aon chuímhneamh ar phósadh ’gat?",
arsa a’ feirmeóir, "a Sheáin i mbliadna." "D’oirfeadh duine ’ca go maith," ar seisean, "agus is dócha ná faighinn iad?" "Cad ’n-a thaobh ná faighfá iad,"
arsa a’ feirmeóir. "Ó dhe is dócha," ar seisean "gur ghreanúr leó gabha ’ca,." "Ní greanúr," arsan feirmeóir, ar seisean, "tabharfad-sa duine ’ca dhuit."
"Ná bí a’ magadh fúgham", ar seisean, "gheóbhair-se áit
is fearr ná í." "Ní bhfaighead," ar seisean, "gheóbhair duine ’ca má’s maith leat é." Shocruíodar
a’ cleamhnas ar a’ láthair sin agus do phósadar i gcionn scaithibh aimsire. Seadh! bhí sé a’ chuir de is a’ dianamh go maith chun go raibh
beirt nó triúr páisdí ’ge agus d’úmpaig sé ar ól, is d’úmpaig sé ar ól ar buile, í slíghe is
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.