Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fadh sé isteach fiach cadé an cúrsa - an slíghe - bhí aca. Fuair sé pollín éigin go raibh sé a’ fiachaint isteach is cad a dhíneadar ná iarann dearg
a bhualadh ar a shróin is bhlaés sí is chuir sé i n-iag ar shlíghe éigin í is d’fhág sé annsan iad agus d’imthigh sé go droichead - go dorus- na bhflaitheas arís. Seadh! fiafradh de ché bhí amuich. Dubhairt sé gurb é féinig a bhí amuich aríst is cadé
an - ná leogfadh na diabhail isteach i n-ao’ chor é olc ná maith. "’Bhfuil fios agat cad a dhianfaidh sibh," ar seisean Ár dTighearna, ar seiseann, ciad buidheachas leis, "tugaidh solus do is scaoílidh ar fuaid a’ domhain é ’n-a Jack ó The Lanther." Ar seisean. Siné Jack O’ The Lanther a bhí a’ rith
fudó agus níl aon tuairisg anois air, bhí an tiarma amuich is tá sé thuas ins na flaithis.
Siné mo scial-sa agat anois a sheana- bhuachaill, is má tá briag un bhíodh, agus is fudó chuala é sin age sean daoine ar siúbhal - seana Seán - Sheán
Gabha. - Do bhí rí mar sin fudó un is má bhí, is minic(leanann ar an chéad leathanach eile)