Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)'nis sé an scial dóibh. Geallaim-se dhuit nuair a buaileadh annsan é go raibh cion maith air - cion i gceart air leis.
[ní cuímhin leis an scéalaídhe cé aige go mbíodh an scéal so ach gur chualaidh sé ag sean daoine
fudó é] - Bhí mac feirmeóra mar sin fudó un, agus má bhí, is minic a bhí is bheidh go deó is dócha. Sa bhfóghmhar a b’eadh é agus t’réis a laé fóghmhair nuair a tháinig sé féin is buachaill
aimsire bhí aca ’s a dhrifearacha is dritháir eile isteach, dubhairt sé go raghadh sé féin sa t-sráid -
bhí an t-sráid cóngarach dó is dubhairt sé go mbeadh sé chúcha tímpal a naoi a chlog, agus na ba chuir isteach sa pháirc sin d’áirithe sa bhfeirm
Seadh, d’imthigh sé is nuair a bhí na ba crúidhte ’ca tráthnóinín d’imíodar ’á chuir sa pháirc is ní chuirfeadh a’ domhan na ba
sa pháirc - ní raghadh aon cheann aca isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)