Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)412
(é1) chualadh an fíghdóir a’ cleapáil thall idir mí
a an phinneóg chómh pléineálta is do chonnac
(chualadh) aon lá riamh aon fhíghdóir eile ach
gan me ’á fhiscint. D’eirígheas suas ar mo
leath- uilinn go mbeinn siúrálta dhe thoise an
dabhat a bhí againn ’á chur sa chúrsa roime
sin me féin ’is a’ comhrádaí seo, agus i gcionn
scaithibh do bhuinn sé cliotar as a gharamain
’á chasadh suas ag as san go raibh deabha
maith orm ’tarrac síos fé’n iadach i gur
fhanas thíos, agus lean sé ar bheith a’ cur de ar
a’ mbuille ciadna arís go dtí gur chas sé an
tara h-uair í agus do lean air mar sin go dtí
"gur chas sé an tríomadh h-uair í agus i gcionn
scaithibh ’n-a dhiaidh san, is níor bhfada é, gur
"Ghlaodhaig a’ coileach. Ach níor chualadh a theille
de as san amach, agus d’fhiafruígheas do dhuine
críona bhí thiar annso - ar a’ mbaile seo - ar
chuímhin leis a’ raibh aon fhíghdóir ins a’ tigh
chiadna le ’n-a chuímhne, ach fhsé liom gur scial
siúrálta go raibh sé ann le ’n-a chuímhne féin
"Óí níl aon bhriag annsan, tá sé sin cómh
siúrálta is táim ’á ínnsint an neómat so.
deire fitheáin sio(2)
CTosach fitheáin sio (d’a