Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar ’anm.
- Nuair a bhí Arístotle ’n-a gharsún gus é a’ dul go dtí scoil - bhí sé a’ dul go dtí scoil agus n’fhiadtach sé aonní fhoghluim - n’fhiadtach sé aonní fhogluim, agus d’eirigh sé as a’ scoluiocht ar fad sa deire. Bhí sé aon lá amháin ’n-a
sheasamh sa dorus agus do chonnaic sé go raibh
na braonacha báistíghe bhí a’ tuitim anuas as a’ slínn sa dorus go raibh sé ag oibriú
na cloiche fé ’n-a bhun síos agus ar seisean leis (féin) i n-aigne féinig dá raghadh sé go dtí scoil arís go m’fhé’ go bhfoghlmóch sé rud éiginteach. Seadh chuaidh sé go dtí an scoil agus bhí sé ar scoil go dtí gur fhoghlmuig sé a dhóithin agus nuair a bhí sé críona caiththe annsan ae seisean le na ghíománach nuair a bheadh sé féinig a’ fághail bháis - nuair a gheóbhadh sé bás- teacht chun a’ chnámha agus iad a mheilt agus iad a mheilt agus a dhóth agus do loscadh agus a’ substainnt ’thiocfadh as na cnámha(leanann ar an chéad leathanach eile)