Imleabhar: CBÉ 0148
- Dáta
- 9 Nollaig 1935
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 521](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0148%2FCBE_0148_521.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0148, Leathanach 521
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chr
521
chéile go dtí go gcuirfeadh sí trí nó ceathair de
shlámaibh aca anuas ar a chéile agus do luíghfeadh sí
annsan le ’n-a bosa ar sin agus leogfadh sí thóirse
iad. Bheadh sí mar sin go dtí go mbeadh dorn
maith aici slámálta aici agus do chuirfeadh sí fleaige
eile anuas orrtha san. D’fháisgeadh sí ar bheith
’á ndianamh arís go dtí go mbeadh dorn eile
aca dianta agus do thógfí an fleaige sin i do leogfí
anuas ar a’ gcuid eile í go dtí go ndianfadh sí
slúmhanna dhíobh ar fad. Geóbhadh sí turann
annsan agus do dhíreóth sí ar iad a sníom go dtí
go sníomhfadh sí an ceann deireannach aca g
dianfí iad a chasadh suas i gceartlín go nglao-
dhaidís - dhintí stocaí dhíobh go nglaodhaidís stocaí
trí shnáith (orrtha). Bhíodh a’ snáith ana-chaol go
léir, n’fhiadfí é dhianamh chómh caol i n-ao’ chor
de roitléitheacha is dintí as na slámhanna so iadí
agus deirtí go dtabharfadh phéidhre goodhí ’dianfí
de shlámh trí shnáith oireadh caitheamh, le dhá phéidhre
stocaí is le trí fhéidhre agus do chaitheas-sa féin
chuid aca ag do chonnac ’á ndianamh iad agus is
minic a thugas smut de lá me féinig ’á
slómáil i bhfochair mo mháthar agus ’á leogaint(leanann ar an chéad leathanach eile)