Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus bhí mac amháin aige...”
1
Bhí fear ann fad ó shoin agus bhí mac amháin aige, agus ní rabh aige ach a mac amháin;
agus ní dheánfad sé aon dath dá n-iarrfad sé air. Bhí sé ag cur an-fhearg air, agus smaoitigh sé nach rabh gar dó é
choinneáil fá’n teach, go gcaithfeadh sé é dhíbear ar shiubhal ó’n teach bun-bárr.
Dhíbear sé é lá amháin agus ní cheannochad sé a’n snaithe éadaigh dó, agus d’imthigh
sé leis agus gan air ach chuall bhratóg(i).
Bhí sé a siubhal leis go dtí go rabh ’n oidhche ann, agus casadh teach air astoigh i gcoill
(i) (Bunch) (é cumhdaighthe le brátógaí)(leanann ar an chéad leathanach eile)