Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí nighean do Ó Domhnaill pósta thíos i Leitir 'ac a' Bháird agus bhí dhá mhac aicí,...”
(ar lean ón leathanach roimhe)"Cé leis a bhfuil mise chosamhail?", adeir a ministir
"Tá tú cosamhail le (molt uain) boc gabhair atá ag m’athair
a íosfas a sháith sula bhfáigh na gabhair cead aon ghreim ithe".
Leig sé abhaile an lá seo iad. Thug sé a bpárdún a lá seo díobhtha. Bhí ’n mhaithar
an-bhuaidheartha na gasraí a bheith fhad ar shiubhal. "Óch," arsa sise, nuair a tháinic a
dá ghasúr, "is goirid," arsa sise, "go ndeánfadh sibh liom mar rinn bhur n-athair".
"Goidé rud sin?," arsa siadsan. Ní rabh duil aicí innse. "Muna n-innsighe tú dúinne é," arsa siadsan, "ní chodlochaidh muid
an oidhche go bráthach astoigh sa teach.
Sula n-imthighead siad leóbhtha dubhairt sí gur chuir sé ’un báis a n-athair(1) thairbhe an t-eallach a bheith ag ’ul thaire an
teorainn."
"Bhail maith go leór," arsa fear aca, arsa seisean, "cuirfidh sinne ’un báis eisean amárach".
Chuaidh siad lá thar na bhárach a shiubhal leis a mhinistir, agus bhí eas giota beag(1) Their father ( Mac a' Bháird)(leanann ar an chéad leathanach eile)