Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 073](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0180%2FCBE_0180_073.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 073
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear amuigh ar a Cholbha, ar an taobh thall de Chuam Teilinn, a rabh Pádraic a' Cholbha air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sa leabaidh. D’aithin a’ seanduine cé’n fear a tháinic isteach.
"An mbionn tusa a leanstan", adeir sé, "de bheith a marbhadh róntaí?"
"Maise bhidhinn", adeir sé
"Bhfuil cuimhine aghat", adeir sé, "ar an lá a sháith tú an fork ionnaim(1) a d’imthigh mé ort."
"Tá cuimhine agham go dteárn mé a leithid" arsa seisean.
Mise," arsa seisean, "a ron a dteárn tú sin
leis"- agus é n-a luighe ar a leabaidh, "agus má thig leat ar dóigh a bith é," arsa
seisean, "bí ar shiubhal. Tá triúr mac damh-sa amuigh," arsa seisean, "agus má
thig siad isteach agus fios a fhághail gur
tú atá ann ní bhfuigh tú abhaile a choidhche, mairbhfidh siad thú."
Phill a’ fear, agus níor mharbh sé an rón ó’n lá sin go dtí ’n lá indiú."
(1)ionnam.