Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ar an Fhothaire seo thíos a dtugad siad Donnachadh Mhicí air.”
(ar lean ón leathanach roimhe)3330 16
Jonnie Anne atá ann go fóill. Bhí sé thall i
Merica agus tháinic sé abhaile, agus bhí sé a
buachailleacht eallaigh ar a t-sliabh thiar annseo
an taobh seo do’n Phort. Agus luighead sé
san oidhche ann a gcró beag a bhí ann.
agus é ag coimhead an eallaigh.
Oidhche amháin bhí sé n-a luighe ann, agus
roimh an mheadhon-oidhche chuaidh a’ t-éan
coiligh a bhí sa teach a scairtighe. Agus
bhí sé a scairthighe leis, agus níor stad
sé ariamh gur léim sé isteach sa leabaidh
os cionn Donnachaidh, agus thosuigh sé a
scairtighe astoigh sa leabaidh. Bheir Donnachadh
ar an éan agus chas sé’n ceann de
agus chaith sé amach as a leabaidh é.
Níor luaithe a bhí sin deánta aige nó
tháinic bean isteach ’na chró innseoir.
Bean gheal bhán, agus béigean do Dhonnachadh
teiceadh ina léinidh - creidim gur sin a rabh
air - agus a port a bhaint amach, agus
níor luigh sé an oidhche annsin, go dtí
go bhfuair sé bás ’na dhiaidh. Bhí sé a
fhághail go b’é an diabhal a chaithfeadh bheith ann