Imleabhar: CBÉ 0180

Dáta
1936–1936
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 101

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0180, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Chuir a gobán t-saoir ar shiubhal a mhac am amháin, agus baicle chaoirigh leis le díol,...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    abhaile, agus luach na gcaoirigh. A teacht abhaile
    dó-san, "sin a bhean aghat-sa," arsa seisean, le h-amharc amuigh fá n-a choinne, agus
    imthigh agus fhágh í".
    D’imthigh sé agus fuair sé an bhean agus pósadh iad. Bhí sé ar siubhal annsin i gcionn a chuid chéird. Tháinic sí isteach
    go mall oidhche amháin. Chuir rí na coilleadh(ii) sceala isteach chughat," arsa sise "Ó mo sheacht n-anam air!"(i) arsa seisean. an chuileann caoch."(ii)
    Tá tú agham anois," arsa sise, "sin a’ rud a bhí mé a d’iarraidh le fada - rí na coilleadh." D’imthigh an mac siar annsin taobh Shligighe le baicle eile de’n chineal chéadna daoiní,(iii) agus mharbh siad thiar é - an chuid eile. "Mhothuigh an bhean
    go rabh sé marbh thiar agus d’imthigh sí, agus dubhairt sí lá amháin go mbeadh sásamh aicí ortha indiaidh a ndithcheall a dheánamh. Siar léithe agus
    bhí sí ag amharc thall agus i bhfos, ag éisteacht cé’n áit a rabh na daoiní.

    (ii) An Cuileann
    (i) Téarma ceana i dTír Chonaill (cion)
    (iii) daoine a rabh an chéird chéadna ná a bhí aige fhéin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    1 Bealtaine 1936
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta—tíopaí gaolmhara
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir