Imleabhar: CBÉ 0180
- Dáta
- 1936–1936
- Bailitheoir
- Suíomhanna
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí bean ar a Mhachaire seo thíos uair amháin...”
(ar lean ón leathanach roimhe)3364 110
chloch amuigh san fhairrge, agus bhí triúr a
mbáidhtheadh. Bhí sí ’na suidhe ar a bhraoch
agus í ag caoineadh ag amharc ortha. Tháinic
fear fhad léithe. Cé iad sin," arsa
seisean, "atáthar ar bháidhtheadh.
D’innis sí dó go b'é fear, a mac.
agus a dheárthair a bhí ann. "Bhail thig
liom-sa duine amháin aca a shabhail,"
arsa seisean, "cá bith fear aca is fhéarr
leat a fhághail.
"Sabhail mo dheárthair," arsa sise
"Goidé is ciall duit go b’é dó dheárthair
agus d’fhear agus do mhac ann fosta," arsa
seisean.
"Gheobhainn mac i mbroinn," arsa sise, agus
fear i gcúl ach aon toim, agus na
chaillim mo dheárthair ní bhfuigh mé go
bráthach é
e